|
|
Ealaíontóirí - Glac Páirt?
Bíonn CEIRD ag lorg comhoibrithe le ealaíontoirí eile i gcónaí. Bí i dteagmháil má tá tú ag lorg comhoibrithe nó deiseanna múinteoireachta linn. Tá CEIRD ag lorg ceoltoirí, damhsoirí, scribhneoirí, físealaíontóirí, daoine a bhíonn ag plé leis na meáin chruthaitheacha nó le ceardaíocht, agus eile. Ní mór d’ealaíontóirí a bheith in ann ceardlann a theagasc nó scéim a chrúthú trí Bhéarla, Gaeilge nó Fraincis. Is féidir go mbeidh na healaíontóirí sin ag tairiscint scéim ar leith do aoisghrúpa áirithe, nó b’fheidir go bhfuil go leor scéimeanna le tairiscint acu do gach aoisghrúpa.
Ó tharla go bhfuil CEIRD lonnaithe i gContae na Gaillimhe, tá muid ag cuardach daoine atá ina gconaí ansin, nó daoine atá sásta teacht go Gaillimh leis na scéimeanna sin a thairiscint. Is féidir go mbeidh CEIRD ag comhoibriú le ealaíontóirí ar fud na tire amach anseo. Bí i dteagmháil chun tuilleadh eolais a fháil! |